Rugadh Eugene McCabe i nGlaschú, Albain do thuismitheoirí a bhí ar imirce as Éirinn. Bhog an chlann ar ais go hÉirinn sna luath 1940í. Bhí cónaí air ar fheirm in aice le Cluain Eois i gCo. Mhuineac...mehr sehenRugadh Eugene McCabe i nGlaschú, Albain do thuismitheoirí a bhí ar imirce as Éirinn. Bhog an chlann ar ais go hÉirinn sna luath 1940í. Bhí cónaí air ar fheirm in aice le Cluain Eois i gCo. Mhuineacháin gar don teorainn idir Phoblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann. Cailleadh é sa mbliain 2020 agus é 91 bliain d'aois. Tharraing a dhráma 'King of the Castle' raic nuair a léiríodh é den chéad uair i 1964 agus chuir The League of Decency ina choinne. Scríobh McCabe a thríológ drámaí teilifíse 'Cancer, Heritage, agus Siege' mar go raibh sé ag iarraidh ráiteas a dhéanamh faoi na Trioblóidí. Bhuaigh na drámaí sin ar fad duaiseanna.
'Ceann de mhórshaothair Éireannacha an chéid seo' a thug Colm Tóibín ar úrscéal McCabe 'Death and Nightingales' agus 'saothar clasaiceach d'ár linnse' a thug Kirkus Reviews ar an leabhar céanna.weniger sehen